Fadó fadó bhí sean-chúpla a raibh ag ghuí agus ag ghuí lá i ndiadh lae i gcóir pháiste dó féin. Faoi deireadh, freagraíodh a phaidreacha. Áfach, nuair a rugadh a pháiste, ní raibh sé ach orlach amháin ar airde, agus níor fhás sé ríomh. Mar sin, thug a mháthair agus a athair ainm dó go grámhar, an ainm “Issun-Bōshi”, an Buachaill Orlach Amáin ar Airde.
Agus é ag fás aníos, bhí brionglóidí ag an buachaill faoin a bheith ina laoch iontach.
Gach uair a chonaic na pháistí san bhaile beag cois-farraige Issun-Bōshi, chuir siad ceist air:
“Buachaill beag, buachaill beag, cad is féidir leat déánamh?”
“Is féidir liom troid!” a déarfaidh Issun-Bōshi – agus le sin thosódh na pháistí ag gáire.
Níor chuir an gáire isteach ar Issun-Bōshi, agus coimeád sé ar aghaidh ag traenáil gach aon lá.
Lá amháin bhí cailín ón baile beag fuadaithe ag ollphéist agus d’iompar an ollphéist í chuigh teach an ollphéist a bhí ar oileán. Bhí eagla ar na daoine sa bhaile beag faoin ollphéist, agus níor dhéan siad iarracht ar bith dul i ndiadh an chailín. Áfach lorg Issun-Bōshi babhla, cipín itheacháin, agus snáthaid ón a mháthair. Ag úsáid an babhla mar bád, agus an cipín itheacháin mar maide rámha, chuaigh sé chuigh an oileán. In uaimh dubh-dorcha, tháinig Issun-Bōshi ar an chailín beag i gcás, agus an ollphéist ollmhór dearg ag seasamh garda. Chuaigh an buachaill suas chuigh an ollphéist agus dúirt sé “Ollphéist! Tugaim dúshlán duit troid liom! Má buaim, caithfidh tú an chás a oscailt!”.
Ach thosaigh an ollphéist ag gáire, dúirt sé “Buachaill beag, buachaill beag. Cad is féidir leat déánamh?”
Phioc an ollphéist an buachaill suas ansin, agus shlog sé é ina iomlán. Áfach, ní raibh an buachaill buartha.
Istigh i bholg an ollphéist, d’úsáid sé an snáthaid a thug a mháthair dó ar nós claíomh, agus ghearr sé bolg an ollphéist. Bhí an ollphéist i bpian ollmhór, thosaigh sé ag casacht agus amach a tháinig an bhuachaill beag. Ar buile, iarraidh an ollphéist an bhuachaill a bhascadh chun báis lena lámh, ach ag an soicind deireanach d’ardaigh Issun-Bōshi a chlaíomh agus sáigh an ollphéist é féin in ionad an bhuachaill a bhascadh. Nuair a thit an ollphéist siar i bpian, rith an buachaill beag suas lámh dearg na hollphéiste. Rith sé thar a uillinn, thar a gualainn, thar na starrfhiacail géar a bhí aige agus suas chuigh srón na hollphéiste. In aon iarraidh amháin, luasc sé an claíomh beag síos agus ghearr sé gránú ollmhór i súil dearg mór na hollphéiste – bhí an buachaill taréis é a dalltú. Rith an ollphéist go ciotach as an uaimh, as an eagla a bhí ar faoin buachaillín.
Agus é mar an buaiteoir, chuaigh Issun-Bōshi suas chuigh an gcás ina raibh an chailín, ach níorbh sé ábailte é a oscailt pé rud a dhéán se.
“Ó!”, a dúirt an chailín, ag síneadh lámh chuigh mailléád ildaite a raibh an ollphéist taréis a ligeadh ar an talamh go ciotach, “Bain triail as sin!”
“Cad é?”, a cheistigh an buachaill.
“Is mailléad draíochta é, a bhfuil ábailte do ghuí a freagrú!”
“Conas a úsáidim é?”
“Buail an talamh leis, tiocfaidh do ghuí amach!”
Mar sin, lena láidreacht ar fad, d’ardaigh an buachaill orlach amháin ar airde an mailléád thar cheann dó, agus dúirt sé “Ghuím go bheidh rud agam chun an chás seo a oscailt!”
An soicind a bhuail an mailléad an talamh, thosaigh Issun-Bōshi ag méadú agus ag méadú. I nóiméád, bhí sé troigh amháin ar airde, ansin dhá throigh, trí…Ar deireadh bhí sé taréis ardú chuigh sé troigh ar airde.
D’oscail Issun-Bōshi an cás go réidh – níorbh sé an buachaill orlach amháin ar airde a thuilleadh. Chuaigh sé agus an chailín ar ais chuigh an baile beag, agus bhí féásta ollmhór acu i gcóir an bhuachaill a raibh ábailte bua in aghaidh an ollphéist. Thug an mailléád draíochta saibhreas ollmhór chuigh an bhuachaill, agus bhí saol sona sásta aige agus ag a chlann ón lá sin amach.
Tá an scéal bunaithe ar “Issun-Bōshi”, Síscéal Béaloideas Seapánach ón 12ú hAois.